Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 170

{folio 65b1} Atá oilen ele co gar do soin, Natumerán a h-ainm, & cinn con bís ar mnáib & ar feraib an oiléin sin, & ni bí étach umpa acht folach a denacht, & is maith a cath & a comracc in muindter so, & anúair gabuit duine a cath tidhlaicitt dochum an ríg é, & is innraic craibdech an rígh sin, óir bíd tri cét níamann mur paidrinib fóna bhraighit & adeir tri cét urnaighti cach n-aenlá sul caithes bíadh & bidh cloch roibí fora braguitt ina


p.256

m-bí troigh ar fad & .u. ordlaigi, & anuair doníther rí de is ann curther an cloch sin fona bragait & siblaid a timchill na cathrach & hí fona brághaitt, & da faicther ic sibul é choidhchi & can an cloch sain fana bragaitt bentur an ríghdhacht & an cloch de. Do shantaigh Maghnus Cánus co menic an cloch sin d' fhaghbail dó féin, & ní fuair hí do chogad da méit da n-dernaid 'na díaidh, na do comuidh óir na airgit da targaidh uirre.