Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 160

Atá laim risin oilen dianadh ainm Salnasé & gairit daeine ele Patén de. Is mór in rígdhacht so, & is imdha cathracha áille indti. Ocus atatt crainn inti ar fasann min ghel deghbhalaid deghblasta. Is mar so gerrtur an crann sin fácuairt cogar do thalam, & soithige ina thimchill, & silid súgh tiugh as, & tirmaighter so re grein nó ré gaeith, & cuirter día meilt é iarsin, & dobí ana plúr gléghel cin easbaid. Ocus ticc fín & ola aran cor cétna o crannaib an oilein sin & ataitt crainn ele ann ana faghtar neim mur an cétna, & cidh bé caithes an neim sin ní h-éider a leighes acht ó dhuillib an crainn sin d'ól ar uisque ar fín.