Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 157

Do chúala fein an trath dobádhus am macamh ócc co n-dechaid duine asa thír fein do t-sibul an domain, & cur' gab trit an Innía uile, & assin co rainicc oilen ina cúala aeguridhedh ac timain eallaig & ac labairt a tengaid a tíre féin. Osur mur t-saeilmitne íatsan do beith fúinn is marsin is doigh léo sin co fuilmítne fúthasin. Ocus damadh éider le duine tuitim on talmain annsa firmamint mar nach cosmail, óir dobadh chosmhaile duine do tuitim ón firmámint dochum na talman, mar adubairt Día : Na bídh ecla ort nár crochus an talam can congmhail ó ní ar bith air, & cidh edh chena is aen do mile do gébad an t-sligid chóir dochum a tíre féin arson imatt na sliged ana m-beth duine ar merugud mona betís grasa Dé aicci . Óir ata an talam a chomhfhairsing sin immacúairt tuas & tís .i. .xx. míle míle & cethri cét míle & .iiii. mile .xx. doreir baramhla na n-daeine n-glic nach fuil cur ina agaid accamsa, & ní h-áirmighther Éire na Alba na Saxa fan clíma ard, mur nach airmhighter oilein airrthair na h-Innía.