Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 155

Ocus ní faicther an rélta atúaidh annsa tír sin, arson mar atá lár in talman itir an tír sin & hí, óir ní faicther ara taeb tes hí, & ata rélta acu fein co fírinnech thes nach cuirenn énchor di choidhci mar tá an rélta athúaidh, & is asso tuiccim dá faghdáis daeine long & lón & gaeth co timchollfuidhdís an doman tís & túas & imacuairt. Dochúadhusa fein asan tír sin co Libie, & do cíther assin an rélta thes ré n-abur Anteiricc, & is leis sin doníatt mairnelaig na lethe tes uile éolus mar doníatt mairnelaig na taeibi túaidh éolus leis an réltainn re n-abur Transmutana, & is íatt an da reltainn sin roindes an firmamint eturra, & do chúartaighesa ón réltainn tes conuigi an réltainn túaidh, & dob eter lim an doman do chúartugud tís & túas & ina timchill, & co fuighind daeine & oilein in cach inadh dhe mar tá isin tír a fuilmítt, & co fírindech an lucht atá fan réltainn tuáid atat troigh fán troigh ar ísle úainne, óir cach cuitt don doman & don mhuir atat síat contrarda comfhada o medon in domain & síar, budh dhes & budh thúaidh.


p.250