Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 151

Gabtur asan tír sin co rígdacht Mabarón ina fuil uidhi .x. lá ar fad, & is imdha cathracha & bailti isin tir sin, & is a cathraig Calámí isin tír sin atá adhlacadh Tomais apstail {folio 64a2} a tumba álaind, & an lámh do chuir sé a cneidh thaeib an Tigerna, & atá si trit an tumba amach nocht, & cach días itir a m-bí cúis nó tagra scribtur da dhuilleóig dóib, & cuirter annsa laim sin íad, & congmaid sisi duilleóg na córa aici & telgidh duilleóg na h-éccóra úaithe, & ticther a tirthaib imdha do denum na córa sin.