Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 139

Ocus da m-bía an diamont a taeb clé duine is mó a brígh ann ina aran táeb n-des, arson curab sía budh thúaidh don táoibh chlé an doman fásas na don taeb thes, & cidh bé


p.242

imurcras diamont ara leth clé congmaid co laidir beodha é & coimétaid slán é, & dobeir grasa a n-gnim & a n-urfhuighill dó anagaid {folio 63b1} a namat da m-bía an chóir aigci, & congmhaidh ina chéill dírigh é, & sechnaidh ar imresan & ar drochaislingib é & ar drochspiratuib & ar urchóit cach uile bethadhaig éccíallaidi & ar piseóccaib & ar neim, & is amlaid is ferr é can cennach & can a fhaghbail a n-athchuingi, & is móidi a subailchi sin & is laidirede congmus duine anagaid a namatt é, & dobeir furtacht anagaid na h-éttruma céille. Cuir aran adhamus í, & madh maith an diamont ní léigfi si di in t-snáthat do tharruing, & is inann an t-adhamus & an maghnés, & ni bíd na subáilchi so úair ann tre locht antí imurcuires é.