Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 138

Do geibter diamoint ele 'san Araip, & is mór iatt & ní commaith ríu so íatt, & do geibther diamont ele 'sa t-Sipra & diamont isin Maisidoin, & do geibter cuitt ele díb a n-Amasee anuair bíther ac dealugud an óir & an miánaigh & ni crúaidhi diamont na h-Indía ina sé, & do gebther diamont maith ele annsa cristann & diamont annsa mhaighneis, & do geibther adó déntáeb a lenmhuin achéile .i. gné fherrdha díb & gné bannda, & drúcht nemda oiles íatt, & aderar co coitcend isin tír sin co n-geinter móran diamont on da diamont sin, & do connarcsa fein sin, & berthar tamall san inad a fásaid & léigter dóib fan drucht, & métaighit ann.