Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 131

Ata caislen tamall fada on cathair sin a n-Armen bicc, & dealb seabaic ar persi and, & delb banntigerna ara comair aga coimét, & cid be duine do anfad gan collad isin caislen fasaigh sin tri lá & tri h-oidchi ac fetheamh an da dealb sin doticfad an banntigerna sin cuige & doberadh a roga athcuinge dó. Dobí rí uaibrech beodha ara tir sin fecht n-aill, & dorinne se in fhaire sin gin codlad tri lá & tri h-oidhche. A cinn in treas oidhche do conairc-se ben is caime do conairc do mnaibh in domhain, & adubairt ris cidh be ní bus ail duit d' fhaghbail fogébur é. ‘Ata ór & airget agum’, ar se, ‘& tigernus maith, & sidh cartanach, & mo nert ar gach n-aen, {folio 62b2} & issi athchuingi dob áil lemm d' fághbail, tusa do mnáoi.’ ‘Ni h-éter sin’, ar sí, ‘óir spiratt


p.238

misi, & ní fuil corp talmaide umamm, & ní h-éter lé fer beith acam. Cidhedh dober dhuitsi an maithes mór & an tigernus & an tren & an sídh sin atá acatt fein do congmáil duit & dot oighredhaib co cenn an mad glún úaitt fein, & cidh bé ar doman maithes saegulta iarfir na cenn sin.’ Do dhíult sin sin do ghabáil. ‘Ó nách gabair’, ar an banntigerna, ‘dobersa a contrada duit & d' fher th'inaidh atdíaidh co bráth beith fó umhla ríg ele co bráth, & ríachtanus a less gnáith & cocad síruidhi.’ Do imthigh sí úaidh daeisi sin, & atá anní adubairt ica comull. Tarrla do mac duine do immfaire tri lá & tri n-oidhchi do denum isin chaislen cétna sin. Táinicc an bantigerna chuici & adubairt ris a athchuingi do íarraid uirri. ‘Saidhbres an t-saeguil do báil lem d' fhaghbail’, ar sé. ‘Do gebur si sin’, ar sí, ‘& innis uaimsi cidh bé choidéolus aenlocad andso choidchi nách cuirfed sé a bonn aran saegul ó sin suás.’