Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 128

Dob inmain lesan Macamétus sin dithrebach dobí da míle o shlíab Syóin ar fásach aran sligid móir itir an Aráip & Caldea uidhi lái ó tír Iúda & ón fhairrgi mur a ticc cennuighecht ó Uénís & ó thírthaib aile. Teighed Macametus a coimmenic sin d' fis an díthrebaig & d'éistecht a shenmóra indus curab olc le muindtir é, óir dobudh inmain lais an díthrebach sin, & dob fherr lé muindtir Macamétuis co fhághbad an díthrebach bás, óir do thicced de a m-beith can chodlad co menic feth na h-óidhchi. Lá ecin da n-dechaid Macamétus do fhis a compánaigh díthreabaig, do an na fhochuir an oidhchi sin ina thigh féin, & tuc an díthrebach fín maith dó, & do gab meisgci Macamétus, indus cur' thuit a chodlad air, & dochúadur muindter Macamétus {folio 62b1} ina diaidh do tigh an dithrebaig, & fuaradur e, & do beanadur a cloidhimh amach, & do marbadur in dithrebach leis, & do churetur ana truail lan d' fuil aris he. Ar n-eirgi do Macametus asa collad fuair in dithrebach marb & adubairt go crochfadh a muinntir uili tre bas


p.236

in dithrebaig. Adubradar san gurab eisin fein do marbh he tre meisci, gurab uime sin do mallach Macametus an fin & gach duine d' ibed e coidhche, & is de sin nach ibhid na Serristinigh fin os aird o shoin ale cidhedh ibhit e a n-uaignius, & bith deoch maith eile acu doniter do premaibh na berruighi da n-dentur in siucra.