Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 114

Atá slighi timchill o íarthur an domain can dol ar


p.62

faircci docum Íarusalem .i. don Almaine & do Pruis & assin tri Thartaria .i. ríghdhacht do rígdachtaib Maghnaiss Canais. Is urchóidech gainmidhi in talam sin, & is becc do thorad thicc ann, & is becc d' arbur fásus and, & ní fásann fín na pis na pónair ann. Is imdha a h-ellach, & ithitt féoil cach uile ainmidhi itir lochta frangcacha & lochta becca & chat & mhadra can arán. Ocus bainne & blathach mur dhigh, & le bualtach a m-bó arna thirmugud re grein deisigit gach uile bíadh bís acu do díth tenedh, & bíd toirnech & teinntech annsa tír sin co menic marbus mórán do daeinib & do cethraib & bídh fúacht & tesbach co gar dha chéle innti & don túaruscbail fúarusa ó daeinib glica aran tír so ní h-indénta comnaidhi innti, & ni rabhusa innti.

Dobeth duine re h-uidhi tri lá o Priuis isin tír sin na Serrisdínech, & mina beiritt Cristaidhi féin biadh leo ní fogabhatt isin tír sin hé, & ní h-urusa a sibul choidhchi acht a n-geimhred re h-imat a h-uiscidh, & ní sodhaing annsin acht an trath bis imforcraidh snechta ar muin an oigre. Ní bí duine 'sa tír sin cin luirg, & ni coimsich d' feraib an domain a fúaire an geimhrid ara fatt budhthúaidh.


p.226