Da míle .x. ó Sibast co h-Ierusalem & is itir cnocaib an tíre sin atá tobur Iacóp athriges dath cacha bliadne cethri h-úaire. Uair derg, uair glas, uair búaiderta & uair ele tiugh & Samairitáni goirter do lucht an tíri sin ata, & cidh é creidim na n-espal atá acu sin, ní h-inann íatt & na Cristuidhi & ní h-inann íat & na Serrisdínig ar creidim, & étaighi derga lín bís ima cennaib choidhchi & étaige gela im cennaib na Serrisdínech