Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 102

An t-sligi as sin co cathur Samaría cennport an tíri sin & is asin cathuir sin da treib .x. mac n-Israel & is innti do h-adhnaiced Eoin Bausti itir an da fhaidh aile .i. Heliseus & Ábdón. Cidh edh chena is a caislen Maicin anaici Mara Técht do benadh a chenn de, & tucadur a dheiscipail a corp léo conuicci sin, & do furáil Iúlius Apostata in t-impiri a chnámha do thógbail & a losgad uile, & nir' fétadh an mér do sín sé docum an Tigerna inúair adubairt se ‘Ac so Úan Dé’, do losgad ó shoin. Ruc an banógh SanTecula lé é arna cnocaib, mara roibi anoir romór air, & fuair Teodosius imperi cenn Eoin a m-balla an inaidh sin, & do furail a tabairt as & étach cengailti ina timchill lán d' fhuil, & do cuir co Constantinnóble é marsin co fuil a leth indti ó sin & in leth ele a n-eclais Siluester isin Roim, & in mías arar' cuiredh a cenn arna buain de {folio 60a2} ata sí a n-Ghein, & do gheib anóir mór on tír sin, & aderit daeine ele co fuil cenn Eoin & in mías annsa Picaird, & aderat aroile nach é atá ann acht cenn easpuic náomhtha .