Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 97

O Muir Técht sair a coicrích an Talman noeimh atá caislén Carras darab ainm slíab alaind, dorinde Baudauin rí Frangc ar n-gabáil na rigdhachta sin dó & ar n-denum Cristuidhi díb. Atá Gabáo baile álaind fón caislén sin, & mórán Cristaidhi ann ic íc císa risan sobhdán.