Is í in Mhuir Técht dealuigis itir in n-Aráip & tír Iúda, & atá sí ó Ssará co h-Aráip, & ní h-éter le duine na le bethadach bás d' fhaghbail innti choidhchi, & do féchad sin co menic, & do cuiredh íarann co menic indti & do theilg sí sin a tír, & dá cuirthi cleitech étrom indti ní léigfed sí anichtar , íatt, & ní h-ibther a sáile choidhchi, & ní dentur comnuidhi a n-goire dhi, & doshluigc sí .u. cathracha tria pecadh mínádurdha na fer & na m-ban .i. Sodoma & Gomorra, Aldema & Ségor & Solamee & docíther cuitt do Seghor a n-aimsir t-soininne asan muir súas.