Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 89

Ocus atá sépél a m-Betania inar' h-adhnaiced Lasarus do thathbeogaig ar Tigerna ar m-beth cethri lá adhnaici dó & ar mórgad ann. Is ann sin tucc Muire a cris fein do Tomás iarna h-eiserghi ó mharbaib, & is gar dó sin slíab Gálalee & slíab Olifeth mar a rabadur na h-apstail anuair do indis Muire Maghdhalén doib eisergi an Tigerna & a fhaicsin di fein.