Ocus is da lethtáob sin atá slíab Olifet mura fásann mórán ola, & ata da airdi co faicitt dóeine sraitt Ierusalem de, & atá slicht choisi clé Muire a cloich ann mar a n-dechaid sí as dochum nime, & atat .uii. coisceim fichit assin an sépél inar' shuidh do sheanmóir ina n-dubairt sé is bendaigti na boicht spiratalta, óir is léo fein rígdacht na cathrach nemdha, & is annsin do tecaisc sé an paidir día apstalaib, & is laim ris atá Bethpáti mar ar' chuir an Tigerna Petur arcenn an asail domnach na Pailme do dul co h-Íerusalem, & is laim rissin tair atá Betania mar a roibi Simon lobur do t-slánaigh an Tigerna, & inar' maith a pecad do Muire Maghdalén, & dobí an Simon sin ina espoc annsa cathraich sin iarna baisted dona hapstalaib.