Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 82

Is laim risan eclais cétna atá áit tighi Irúath do mharb an macraid, do mían Mac Dé do chur do cum báis, & a clainn mac & ingen fein, & a ben póssta & a lennán. Do gab idhroipis adhuathmur an t-Iruath sin cur atadur & cur loghadur a boill uile, & arna thuicsin dó nach éirébad do cuir fis ara roibi do tigernadaib isin tír & for a clainn, & do cuir a prisún íatt ar techt {folio 59a1} chuicci dóib, & do ben minna da shíair fa marbad uile intan do gébad sé fein bás, óir dobí a fhis aigci nach cáeinfidhe hé fein ar chor aile annsa tír, indus co n-aibertái gurab trena bassan do beth in cáeinedh & an golgaire mor sin. Docúaid fein a n-dabaigh fhotraici, & do iarr uball & scian, & do saidh in scian ina medhon cor' leic a inathur amach annsa dabaig, & ar faghbhail bais don Iruath Ascolonda sin do lecc a siur na braigdi slán amach.