Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 80

Ocus atá re táob an tempuil sin an cloch díanadh ainm Béléch mura roibi an Áirc noemh cona taiscedhaib so & is íatt so íatt. Na .x. n-aithnedha tuc an Tigerna do Mhóyci & an t-slat lér' traigh sé an Mhuir Ruaid dá tancadur clann Israel cossaib


p.48

tirma trithe & le tuc sé uiscci a cairrgib crúaidhi do clainn Israel andsan fhásach & le n-dernaidh mórán do mírbuilib aile, & slat Arón & soithech óir lán do manda & d' uindimint úasal, & tabernacuil Arón, & clár cethuruillennach d'ór ina rabhadur da cloich .x. do clochaib búadha, & figuir bethadhach do iesper uaine, & ocht n-anmanna ar Tigerna scribtha indhi, & .uii. coindléorad óir, & da pota .x. óir, & cethra sennsa óir, & altoir óir ana rabhadur da reisi .x. ar fatt, & cethri leomain óir uirre, & da trumba .x. airgit, & tabernacuil óir, & cach uile thaisced da roibi annsan eclais uile co geinemain Meic Dé.