Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 71

Atá ar an táob tes don eclais Caluarie an t-inad ar' cuiredh ar Tigerna ar an croich & inar' sáidhedh annsa cloich n-gil hí & begcan dergci innti arar' shil fuil ar Tigerna, & issé is ainm donn inad sin a Greigc Galgathá, & frith cenn Adhaimh


p.44

andsa n-inadh sin ar n-imtecht na dílenn mur comurtha co ceinneochaidhe pecadh Adhaim ann, & is ar an cloich cétna dorindi Abraham a shacramint don Tigerna. Ocus atá Godfrei & Bolein & Baudauil & na rígdha ele do Cristaidib do gab Iérusalem adhlaicti don taeb ele don altoir .i. a fíadnaisi na h-altora ara taeb thes.