Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 65

Is aeibinn an t-inad ina fuil Ierusalem itir cnocaib, can fairrgi can usce acht a tairngther a fedánaib ó ghlend Ébrón chuicci. Ocus atá cenn ríghdachta Suiria chuigci atúaidh & rígdhacht na Feilisdínech anoir a túaidh, & é fein a tír Iúda, óir is ó Iúdás Macabeus dobeth ana ríg uirre aderar tír Iúda ría. Ocus atá cend ríghdachta na h-Aráipe chuicci anoir & a n-Eigipt aran táob tes de & in Gregc aniar. Do bí patrierca & airdespoc a n-Íerusalem uair ecin & mórán d' espocaib ina timchill annsa tír ó sin amach.