Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 58

Ocus atá do lethtáob na cathrach sin don taeb tes do chornél na h-ecailsi mara ticc cách anúas ann san ochtmad ceim .x. an t-inad a ruccad Mac Dé, & é arna cumdach le h-ór & le h-airget & lé h-esúir & le nethib ele, & tri ceimenna don taob tis de sin atá maindser an asail & an daim, & is laim risin atá an t-inad anar' thuit an rélta dobí roim na rígaib acas éolas doib docum an Tigerna. Iásbar, Melsisar, Balsisár a n-anmanna a Greigc. Galgha, Galgla, Sarafí a n-anmanna a h-Eabra. Tucadur na tri r ígdha so ór & mirr & túis do Mac Dé mar ofrail. Tarladur na trí ríghdha so da chéle tri grasaib Día 'san Indía annsa cathraig darab ainm Gasácc uidhi tri lá .x. & da .xx. o Bethelém & cidhedh do badur san re cethri lá assin annsa Bethelém ar m-breith an Tigerna & ar faicsin na reltainne.