Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 55

Dá míle ó Ébron co h-adhlacad Loith .i. brathuir Abraam & is gerr ó Ébron slíab Mambre ó n-ainmnigther an gleann, & atá dair aran slíab sin o aimsir Abraham ille, & issé a h-ainm ac na Serrisdínechaib, an crann tirim, & aderaid co fuil ann ó tús an domuin, & dobí úr & duille air no co táinic an aimser far' cuiredh ar Tigerna dochum báis, & atá sé tirim can duille can torad ó sin ille, óir is ann sin dochoidh a duille & a thorad de & do morán do crannaib an domain, nó dano do loghadur ara lár, & atáit mórán aniugh mar sin díb, & adúbradur cuitt dona fáidhib co tiucfad prinnsa a h-iarthur in domain do gebad tír tarrngeri, & co n-aibértaide aifrinn dó fan crann sin, & co fásfad a duille & a thorad ó sin amach, & co n-impádhbaidis morán do Serrisdinechaib & d'Idhalaib do cum creidmi tritt an mirbuil sin & atá an crann fa lán anóra acu & fa choimét gnaith, & gé tá an crann sin tirim atátt subáilchi imdha aigci. Óir cidh bé imcras a begc a mor de ni thuitind co bráth a n-galur thuitmech, & atatt a lan do subailchib ele aigci.