Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 49

Ar fágcbail t-slebi San-Caitilin do techt co h-Ierusalem gebair artus co mainister manach dobir lón dona h-oilitrechaib do thecht tre fhásach Suiria, ina fuil uidhi tri lá n-déc, & atát cinedhaigh aran fásach sin lomlán da cach drochchuingell díanad ainm Bidonés & Asgoloperdes. Ní bíd tighi acu sin co brath acht gné pupall do croicnib camhall & bethadach aile ithitt siatt fein,


p.34

& ní dénaid comnaidhi choidhchi acht anaici uisci fúair, & is decair uiscci {folio 57a1} do fhaghbail isin fhássach sin, & ní dénaid áitiugud na trebaire, & ní ithid arán acht muna bé duine acu indaici cathrach do thír ele. Róstad a n-éisg & a féola doníd ar chlochaib leisan grein, & is béodha laidir íad, & ní dénatt obuir ar domun da m-bethugud acht fíadach, & ní shuidhid cobrath da n-déoin, & ni tuilled buidhi re Sabhdán na re tigerna da treine, & ní bí d' arm acu acht scíatha & slegha, & imarcraid línédaig 'ma cennuib & 'ma muinelaib.