Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 48

O Baibiloin co sliab San-Caitilín & is airdi sin co maith na slíab Sioin, & is ann do h-adhnaiced san-Caitilin, & ní fuil tempul na sepél na comnuidhi duine ann, acht clocha arna tarraing cuigci, & cé aderaid daeine curab ar éntsliab tuccad na h-aithnedha do Móyci & do h-adhnaicidh San-Caitilín, ní mar sin is dóigh le lucht an tíri féin hé, óir atat da t-slíab acu. Sliab San-Caitilín gairitt do t-slíab dib ocus sliab Moyci don t-sliab aile. Cidhedh is a n-éintír atat & tamall eturra.