Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 46

An t-slige ó Íaruslem co Báibiloin co cathair Shobhdain an cétlá & co Gasa, & assin co caislén Daifri & do lethcenn na Súiria, & tritt an fásach re n-aburar Asalec uidhi ocht lá ann co slighthibh gainmidhi, & cidh fásach é do geibther bíadh re cennach ann. Ar fágbail an caislen nó an fhássaigh sin teigther co Belech baile maith a n-Egipt Canopater, & gabthur assin co h-Alofe & o Alofe co Baibiloin, & o Baibiloin co Caeir mur a fuil eclais scíamach aniu ac Muire sa cathraig sin mara roibi sí fecht & a Mac & Iosep .uii. m-bliadna ac teiched ría n-Irúath. Is ann san-eclais sin atá corp na h-Óighi sang-Barbura, & is annsa cathair sin dobí Iosep mac Iacop arna reic da braithrib, & is indti dochuir Nabgodonasór an triur macaemh .i. Sidirach & Misach & Abdinago, isin sornn tened.