Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 43

Ni hé aderim nach étder techt o Tiri o Súiria co h-Acon a n-aenló a cathuir dobí ac Cristaidhib uair ecin, & atá do muir uaithe sin co Lumbairtt da mile & tri cét mile lummbardach. Ocus is laimh risin cathraigh sin ata cnoc Cairmele mura roibhi Elías fáith ina comhnaide, & is ann sin dorinnedh ord na m-brathar g-Carmach ar tús. Atá cathair a m-bun an cnuic sin darob ainm Cayfas arson curop é Cayfas dorinne hí, & atá si arna cur as anois, & aran taobh is nesa di don cnoc aile ruccad sin-Sem & Eoin mac Sepidei , & atá eclus anorach arna denum isin innadh sin doib araon.


p.30