Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 36

Ocus assin co h-oilén na Sipra mur a fásann fín ro-mhaith bís dergc ar tús & gel fa déoidh, & in chuitt is gile dhe isí is gloine & is ferr balad dhe, & assin co cathuir móir Sataláx. Tarrla gradh dermhair ac fer annsa tír sin do mnáoi, & dochóidh an ben d'éc & do h-adhnaicedh hí a tumba mharmuri, & dochoidh an fer aidhchi ecin & d' osluicc in tumba & do loigh 'na fochuir, & do fáccad in t-adhlacad iarsin, & do imthig reime. A cinn .ix. mís on oidhchi sin tainicc an guth chuigci & adubairt ris ‘imthig docum an adhnacail cétna & oslaicc hé, & féch cred do ghebuir ón mnáoi cétna, & mona dechuir do gebuir olc mór.’ Dochuaidh íarsin & do oslaicc an t-adhnacul, & doconnairc delb adhúathmur ac éirgi as, & do teich sé arna fhaicsin, & do ling sruth uiscci ina díaidh asan adnacul cor thimcilled an cathair, & cur báidh can fuirech hí & urmór an tíri.