Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 33

Ocus assin co h-oilen Cofus & Longa mara ruccad Ipocraitt, & aderaid daeine co fuil ingen ac Ipocraitt annsan oilén sin i n-deilb draccuin ina fuil cét troigh ar fatt & hí a ssencaislén fásaigh, & goiritt lucht an oilein sin uile bantigerna an oilein dí. Taispénaidh sí hí fein fo thri cach bliadain, & ní dénann urchóitt do neach acht mona derna nech urcóit di, óir anuair dobí sí 'na macaem docuir Deán annsa richt sin hí, & aderaid daeine co m-bía sí marsin nóco tí ridiri a h-iarthur an domain & dobéra póigc da bél, & mar doghéba sí an pógc sin dogena ben di, & ní bía acht a saegul fein aici ó sin amach, & ní fada ó tainicc ridire ó Ródus & dochóidh le béodhacht & le nert do thabairt póicci di, & dochóidh ara ech conuigci an t-inad a roibi sí, & arna faicsin dó do teich reimpi & do len sisi é co rucc da aimdeoin lé hé ar beinn aille móiri & do theilcc isin fairrgi é.