Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 31

Cidh bé le bud áil techt ó Constanntinoble d' indsaigid Ierusalem tri Turcie, conuicci an cathraich re n-abur Níc & trit an dorus réna n-abur Sonhgcód, atá mile co leth o Nic anagaid aird, & assin conuicci an fairrgci móir re n-abur Lamh San Séoirsi, & assin mara fuil san Niculas adhluicthi, & assin conuicci in oilen re n-abur Siló. Fássaid masdix annsan oilén-sain ar crannaib becca a cosmailes crand airnedh nó shiríned, & assin


p.22

co h-oilen Patamós mar ar' scrib Eoin suibiscél Apocalipse, & bíd a fis accatt curab fer da bliadan .x. ar fichit Eoin ic fagail báis don Tigerna & co roibi da bliadain .x. & tri fichit ina bethaid 'na díaidh, & ó Patamos co h-Efeis cathair alaind lé h-Eoin, & eclais rochaem aigci indti, & dofuráil Eoin fein tumba {folio 55a2} do denum dó anaici na h-altóra móiri, & anuair doconnairc cur mithig dó dochóidh fein ann & dofurail a íadhadh air, & dorinne amhlaid, & anuair do féchad an tumba arís ní frith ann acht manna, & aderaid daeine co rucad in corp a parrthus assin, & ata an chathair sin anois & an Aissia becc uile a laim Turcach. Docíther co menic cosmhailes daeine m-béo fái an tumba sin Eoin.