Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 26

Ocus gé aderaid Greccaig a coitchinne cur Cristaidhi íad fein ata deithfer itir ar creidimne & a creidim, óir aderaid nach ón Mac & ón Athuir tainicc in Spírat Naom acht ón Athuir namá, & ní fuilid umal don phápa na don eclais Romhánaigh, & aderaid nach mó cumachta an papai don taeb abus do mhuir Grecc oldas cumachta an patrierca don táob thair, & is trit sin dochuir andara Séon fichit do bí 'na pápa litricha dochum na


p.20

n-Greccach dá iarraid orra aen creidim do beith acu & beith umal don phapa, óssé fein bicaire Día a talmain, & ós da chumachtaib cach ní do chengeolad a talmain a beith cengailti ar neim & cach ní do scailfed a beith scáoilti for neamh.