Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 24

Dochuaidh in t-imperi do adhnacul a athur co h-eclais san Séob, & do tochladh talam lais do chur a athur ann, & fuair clar óir ann & corp fái, & dobi scribtha isin clár a Gréig & a h-Eabra & a Laidin: Geinfidhter Ísa Crist {folio 54b2} ó Mhuire Óigh, & creidimsi ann. Ocus dobádur dá mili bliadan ria n-gein Crist an scribenn sin do denum doréir an annala dobí annsa clár fein o do scríbad é co deilb an domuin, & atá in clar fós annsan eclais sin, & aderaid curab é an fellsam glic Íarmogenius do h-adhnaiced ann sin.