Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 22

Atatt cnuic lán arda annsa tír sin mur ata slíab Oilefint dheilighes itir Maighidoin & Tarsidhe, & atá sé a comard sin docum an áeir nach eidir a tuaruscbail do thabairt, & atá cnoc aile indti da nhgairter Atós, & roithid scáth an t-sleibi sin co slíab Oilefint. Atát .uii. míli & tri fichitt úadha & atá an t-áer a chomglan so ós cinn an t-sleibi sin nach faghaitt dáeine gaeth choidhchi ann, & atá se a chomhthirim sin nách étir lé bethadach ar domum beith ana bethaid ann. Ocus aderat dáeine


p.18

glica an tíri sin fein co n-dechadur fellsaim uair ecin & co tuccadur spongia léo ina sronaib le tirmach aeoir, & cor scribadur litrecha lena méraib a pudur mullach na cnoc sin, & anuair tancadur a cind bliadne doféchadur na litrecha cétna, & fúaradur can esbaid becc na mór íatt, & is de sin dar-léo fein atat na cnuic sin nís arrdi na in t-áer is gaire duinn.