Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 16

Ocus annsan oidhchi sin do t-sén Petur ar Tigerna, & ina dhíaidh sin ruccad ar Tigerna co garrdhai Anna a fíadnaisi in espuic & luchta7 na h-oifici uile, & dorindetur sin mórán tugha anagaid air & fhonámhait fói, & tuccadur asanóra dó, & do cuiretur coróin fa chenn do sgeith ghil do fhás isin gharrda sin fein ré n-aburar barbrúch, & atat mórán do t-subailchib aicci fóss. Ruccadur léo ina díaidh siu é co tech Cáifás & dorindetur fochuidbe & fanámhatt fái, & do chuiretur coiroin engleter imma chenn, & ruccadur léo co séomra Piláitt hé, & do churedur cach olc do fhéttadar 'na agaid ann sin, & do churetur coroin ima chenn do sibnib mara mur adubrumar remhainn, & do churedur étdach purpuri imbi mar tigerna, & do churetur a cathair hé, & do teighdis fein ara n-gluinib 'na fhíadnaisi, & is ed adeirdís ‘Bennachmíd duit, a rí na n-Idhal!’ & isí an coróin sin do roinded itir Pairís & Constantínnoble, & is anórach hí ic na dáeinib arson a beth ima cenn sin 'sa croich.