Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 11

Bídh a fhis accaib curab ana luighi dobí an croch in uair do cuiredh Crist sa croich & cur thuilled péine dó an croch do thóccbail & é ínnti, & aderaid Greccaig & a fhuil ó mhuir Grecc sóir do dáoinib léighis libur & ica fuil fis na scripturi an crann don croich re n-abramáoid cepresus corab do thorad in crainn irfhuaccartha é da n-dúaidh Éua & Adhamh in t-uball, & aderaitt curab mar sin doghebatt scribtha ana lebraib hé. Accus aderaitt fós an trath do gab galur báis Adhamh cur chuir arcenn a meic .i. t-Séith, & adubairt ris dol co parrdhus & an t-aingil dobí icá choimét do ghuidhi fa raott becc ecin d' ola croinn na betha4 do chur chugi día comailt da bhallaib innus co m-betís slán. Dochóidh Séith le breithir a athar co parrdus, & do eitigh an t-aingil a léigen astech na an ola do thabairt dó, & tucc sé cethri scellain do thorad in croind da n-dúaidh a athuir an t-uball, & adubairt ris antan dogebad a athuir bás a adhlacad & na cethri scellain


p.12

sin do chur fa bhun a thengadh & co fasfad cethri gega astu & co ticfad torad dona géccaib sin do slainéochad Adhamh cona t-slicht5 sin. Ar techtt do Séith o pharrdus mar a roibi a athuir fúair ar faghbáil báis é, & do chuir na scellain fa bun a thengadh mar adubairt an t-aingil, & do adhnaic co h-anorach é, & do fásatar na cethri gégca adubramar, & is díb sin an cethramad crann da n-dernad an croch, tuc torad maith .i. Ísa Crist dar slánaiged Adham & a t-slicht acht cach nech leis narb' áil trina pecad.