Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 7

Gach cuidechta thicfus a h-iarthur an domain, mur atá Ere & Alpa & Saxa & in Orbúaidh, d' iarraid an Talaimh Naeim fétaitt siatt mad ail léo fein can dol docum imlochtaidh tar Muir Rúaidh acht gabáil trit a n-Almain & tri rígdacht na h-Ungaire thorannaighes re rigdacht na Poidle & na Panonie & Alaseig, & is mór in rí rí na h-Úngaire, & is laidir é, & is imda tírtha 'na laim re cois na h-Ungaire mar atá Sauoy ocus Chemaine & cuid mór do Burgairie & cuid {folio 53a1} mór do rígdacht Rois thórannaighes ré ríghdhacht tíre an t-snechta & ré Príuís. Tiagur asan Ungaire conuicci an cathraich díanadh ainm Cipbronér & caislén Nebrocc, & assin tar sruth Danobí, & is mór in sruth sin, uair tét sé itir cnocaib na h-Almaine & cnuic na Lumbairdi & ticitt da .xx. sruth aile ann fein & tét sé eitir an Ungaire & an Grecc & an Traigia, & tét sé a comlaidir sin itir na tírthaib sin co m-bí sé 'na uiscci mhilis .xx. míle 'sa fairrcci móir siar.