Corpus of Electronic Texts Edition
The Voyage of the Hui Corra (Author: Unknown)

section 12

Is annsin tangadar Ua gCorra go hairm a mbaoi an cleirech, & doronnsad comharle gan an cleirech do mharbadh ná an baile do losgadh nó go dtí an oidhche & go dtíosdais ba & innile an bhaile dá n-árasaibh & dá n-ionnadaibh bunaidh. Tig an clérech léo don bhaile, & rómhothaig an rún so do bheth aca, & rochuir a ngrianán taobháluinn taithnemhach iad, & tucadh biadh & lionn doibh gurbo mesga medhartha iad. Rodergadh iomdhaighe & árdleapthacha dhóibh asa haithle.