Corpus of Electronic Texts Edition
The Voyage of the Hui Corra (Author: Unknown)

p.26

section 1

{23 M 50 page 187}Flaithbhrúghaidh ceadach comramach rogeinnedh a ccóigedh caomhalainn Connacht feacht n-aill .i. Connall Dearg ua Corra fhinn. Is amhlaidh bhí an brugaidh sin .i. fear sona saidhbhir sárchonaigh, & níor fríth a thech riamh gan trí gáire ann .i. gáir na sgagadóre ag sgagadh leanna, & gáir na n-athach os na coiredhaibh ag luchtaireacht dona sluaghaibh, & gair na n-óglaoch ós cionn na bhfithcheall ag breith cluiche ara chéile. Ní fríth dono a theach gan na trí meich .i. miach bracha re frithealamh ndeasgadh, miach cruithneachta ré frithealam biata na n-aoighedh, & miach salainn re somblas gacha bíd.