Corpus of Electronic Texts Edition
Tesmolad Cormaic mac Airt (Author: [unknown])

p.89

{MS folio 24b2}

¶1] Airdrigh uasal óirbítnech ro gab uas Erinn.i. Cormac mac Airt meic Cuinn cétcathaig. Búisim iarum cetrachat bliadan i rrighi Erenn iarmóthá na dá bliadain do gobsat Ulaid .i. Fergus duibdédach bliadain ocus Eochaid gonnat bliadain eile. Ro athrighsat Ulaid Cormac fá dhó. Do bói dono in Cormac cétna sin cetri mísa for esbaid óna muir ocus ní fes cia leth in ro luidh nó co tánic fésin ocus gurro innis a echtra.

¶2] Ní rabi iarum isin domon rí ro bo samalta fri Cormac acht Solum mac Dáuid ar áine a ecna is ar saibris a fhlatha, ar ní rug Cormac breth riam gan teora hailgi breithi occa .i. ail aignid ghacisi ocus ail fhásaig breth ocus ail bai bias, conad do réir egna ocus eolusa na mbreth sin doberthai in laegh i gcinn hi ráithi re ré Cormaic, miach dá gach immuiri ina ré, laeghleogha na colpacha ina ré. Gach aband acht co roiched glún do geibthi


p.90

bratán in gach aenmogall isin lín inti ré linn. Lán a srebuinn do nús ag in boin ina ré. Do barr meoir do cnuasaighthi in mil ina ré arna fertain do nim tria fírinne fhlatha Corbmaic. Is re linn nach faightai soithighe do'n lemnacht, ar no bídís na ba oc siled a loma gan anadh.

¶3] Ba samolta iarum fri h-Octafín Aughust in rígh sin ar an ní no íccadh gach aen cís cesarda as a dúthchus. Is amlaid sin do íccadh gach aen an cís rígha fri Corbmac as a inad dúthchais, ar nír ben Cormac a dúthchas do nech riam.

¶4] Ní rabi iarum isin domun rí ro bo cosmuil fri Corbmac, ar is é ba ferr cruth ocus dealb ocus deichealt, itir méid ocus choire ocus chóimi ocus chutrumma: itir rosg, ar do bátar secht meic imlesan i cechtar a dá shúilsim amail atfet Senuath égis. conebert: —
Deochair álainn aturo, na ndís brec sroin bil; cetri meic déc imlesan, hi súilib in fir.

¶5] Is é [nár] ba fann ar ái, ngáisi ocus aladh ocus urlabra, itir gním ocus gaisced, itir righe ocus forlámus, itir chéill ocus tidhnacal, itir eirred ocus arm ocus áine ocus imadh ocus ordan itir gnáis ocus chinél, dorinne tír tairrngiri d'Erinn ina ré .i. gan goid, gan broid, gan foiréigin, gan faire, gan ingaire, gan ceist bidh nó étaigh ar duine.

¶6] Beg tra do tesmoltaib Corbmaic inn sin, ar ní fédann duine acht mina tecuscad aingel é a n-innisin uile. Ba mór tra a smacht-som ocus a cumachta for feruib Erenn, ar ní lomhadh nech d'feruib Erenn beth dímaein {MS folio 25a} acht mina beth ag dénum amsaine la Corbmac.

¶7] Is he iarum ba tóisech teglaig ocus amhusgilla con la Corbmac .i. Finn mac Cumaill, ar is í cethern is ferr la righ Erenn do grés a gilla con. Ní tuc a lám a láim tigerna riam óglaech bud ferr iná Finn, uair ba hóglaech ar ógláchus, ocus ba brugaid ar brughachus, ocus ba rí ar righacht, ocus ba laech ar laechacht. Ba h-amus ar amsaine, ocus ba ríniadh ar nert, ar is fri Finn samhailter gach ríniadh ó h-oin gusinniudh, ba coitcenn iarum d'Finn sechnóin Erenn ag seilg ocus oc fiadhach re ceithirn in ríg.

¶8] Is ann imorro is mó ro búi airisim Finn a n-Almuin Laigen. Iar luighi imorro fhoirbtechto ocus arsaidhechta ar Find ocus ar ndíth Corbmaic do bídh ina gnáthcomnaidhe i n-Almuin acht


p.91

mina thísadh do tadhall eisti. Is hí fa banchéli d'Finn .i. Smirgad ingen Fatha Canann. Banfáidh ocus banfisidh isidhe. Ocus is í ro ráidh re Finn in tan no ibadh digh a h-adhaircc goma deiredh saeghail do. Co nach ibedsum deoch a corn ó shoin imach acht is a cuachaib do ibedh digh iarom.

¶9] Luid Finn lá ann a h-Almain gonustarrla a n-adarccaib iuchbad i n-áib failge. Conusfuair tibro isin tulaig gur ibh deoch as in tibrait ocus do chuir a órduin fó déd fis gur can tria teinm laegha, gur foillsiged do crích a hsaegail ocus a betha do techt. Conid ann ro ráidh na rainnsi sís: —

    1. 1] Tánic in tairrngeri d'Finn,
      2] nemed do linn folai digh;
      3] a dul tar sruth ségda slóigh.
      4] d'féis le ingin móir meic Lir.
    2. 5] Neim a h-adhairc uathmar sruth,
      6] romsái mo cruth comall nglan;
      7] ro derg mo croidhi 's mo crí,
      8] is fuil ní fós dam.
    3. 9] A dibis digh do'n linn nglais,
      10] do ibis neim nuall namnais;
      11] is demin lim ó so imach,
      12] bidh é in sásad déighinach.
    4. 13] Dar lim ní hí in deoch do rad,
      14] in lá ar brú inbir abrat;
      15] as in escra airgid báin,
      16] Aine ingen Manannáin.
    5. 17] Ní hí in deoch milis midh cuill.
      18] tuc dam ingen meic meic Cuind;
      19] maiden moch ro dergad drech.
      20] Diarmada i n-Inis Dairbrech.
    6. 21] Ní hí in deoch ler canadh ceoil,
      22] dam ar brú shescinn uairbeoil;
      23] diar dáilsit orm buidhnib bann,
      24] dá ingin Conáin chualann.
    7. 25] Ní hí in deoch gan damna duilb,
      26] do rad dam Sadb ingen Buidb;
      27] cona feraib for femin,
      28] conamfargaib fó themil.
    8. 29] Ní hí in deoch milis medha,
      30] in lá ar brú inbir bera;
      31] is demin tánic mo lá,
      32] is gním uathmar armothá.

¶10] Docomlui iarum Finn iar sin go ránic {MS folio 25b} Druim Bregh. Bátar iarum anbfolta d'Finn ocus do'n féin isin tír sin, ar is leisim do- rochair Uirgrend do luaighnib Temrach. Ocus ro tinóilset Luaighne iarum. Ocus trí meic Uirgrend ocus Aichlech Mór mac Duibrenn .i. mac in tres fir do macuib Uirgrend. Fertar iarum cath amhnas édtrócar fortrén ferrda fíchdo feramail aturru, gur chuimnigh cách díb a n-anbfolto hi céin ocus hi fogus diaraili ann sin. Ag Breaa for Bóinn is ann tucad in cath sin. Ocus ro bás co fada isin imguin gur bo mór a n-uilc diblínaib. Ro sráinedh imorro in cath for Fhind ocus dorochair ann. Aichlech mac Duibrend is leis do thuit Finn ocus is é rosdíchend é. Conid do cuimniugud in gníma sin ocus do breith na n-aineolach for fiss ro chan in senchaid in rann so: —

    1. 1] Mórchath Brea na ngním ngrinn,
      2] fersad Luaighni is fiana Finn;
      3] díth na féini isin chath,
      4] ocus Luaighni co coscrach.
    2. 5] Ann do cirrbad ríniadh réil,
      6] Finn mac Cumaill co mórméin;
      7] dia mbeidís in fhian for leth,
      8] nocho tuitfedh la h-Aichlech.

    3. p.92

    4. 9] Adhbol in gním tairpthech tenn,
      10] dorónsat trii meic Uirgrend;
      11] díth na bfian fa mór amach,
      12] guin in ríniad sa mórchath.

¶11] Is hí sin iarom aghaidh Finn iar fírinni senchusa amail atfiadhait na heolaig, acht cena is éxamail forchanuid a bunadhus. Atberad foirend díb is do Corca Oiche ua Fighinti do. Adberaid arali ocus is fír sin comad do Íb Tairrsigh ua Failgi do ocus gomadh do aithechthuathaib iadsighe. Amail atbert Maelmura isin cronic: sé cinedha nach do muir Breoghuin gébus maighin. Garbraide hsucca, úi Thairrsigh, Galeon Laigen.

¶12] Issed imorro adberait Laigin comad innua do Nuadaidd necht Finn, ocus is í so a ghenelach .i. Finn mac Cumaill meic Sualtaigh meic Báiscni meic Nuadhat necht.

Conid iad tesmolta Cormaic ocus agaid Finn sin.
.Finit.