¶1] Lá aonaig ocus árdoirechtais do commóradh le Fionn mac Cumaill mhic Airt mic Thrénmóir úi Bhaoiscne le secht gcathaib na féinne ocus le secht gcathaib na gnáithféinne ac beinn Edair mhic Edgaoithe. Súil dá dtugadar tar muir ocus tar mórfhairrge co bfacadar in long luchtmar lánáidbsech fána láinréim seoil sin bfairrge anoir co láindírech dá n-ionnsaigid. Innell cogaid ocus cointinne uirre, ocus nír chian dóib in tan atchonnarcadar in t-aonóglách mór míleta merchalma ac éirghe d'urlannaib a shleg ocus do chrannaib a chraoisech nó gur ghab leithed a dhá bonn don tráig ghelghainmide. Lúirech líomtha lánmhaisech air. Éidedh daingen dobhriste uime. Sciath donnálainn ós áird a ghualann. Clogad cruaidiarainn fána chenn. Cloidem claislethan cuilgdhírech ar a thaob chlí. A dhá shleig chrainnremra chróna ghéra ina dhá dhorn. Brat scíamach scáirléide fána ghuailnib ocus delg óir loiscthe ina lethanbrollach.
¶2] Táinic i láthair Fhinn ocus na féinne ar in innell ocus ar in órdugad sin. Ocus do labair Fionn ocus is edh adubairt: Cia thu a ghaiscedaig d'folaib uaisle nó anuaisle in domain. Nó cia h-áird do na ceithre h-árdaib inar ghabais chucainn? Caol an Iarainn as-ainm
¶3] Is ann sin do ghluais Fionn sin mbelach ocus ní cian do chuaid in tan tarla ar choill aimréid dorcha ocus bóthar fírdomhain méise ag gabáil tré chertlár na mórchoille sin. Ní cian do chuaid innte in tan tecmaic ar in ndúil diablaide droichdeilbe ocus in n-arrachtach éigciallach ocus in fiadfathach {MS folio 8} cretbuide cnáimremar ocus cóta fada lachtna co colpa a dhá cos síos air. Ba shamalta re crann seoil luinge lánmóire gach cos faoi ag iomchur chuirp aimriagalta in fhir móir, ocus ba shamalta re taob báid bronnfhairsing gach bróg don dá bhróig do bí fá chrúba crotacha caimingnecha in fathaig. Ocus leithed méise pétair d'íochtar dhóibe buide ar in gcóta lachtna do bí ar in bfer mór. Ocus gach coiscéim dá siublad do bhuailedh in t-íochtar dóibe buide sin colpada a dhá cos innus go mbainedh fuaim asta do chloisfide láinmhíle ferainn uada. Ocus gach uair dá dtógbadh a chos do scárdadh lán bairille don ghrellaig suas fána mhásaib ocus fána chorp cretbuide air. Do ghab Fionn ag féchain ar in bfer mór ar fedh tamaill fhada óir ní fhacaid a shamailsen riam roime. Ocus do bí ac siubal roime sin t-slíge nó gur labair in fer
¶4] Ann sin fillios Fionn ocus Bodach in Chóta Lachtna tar a n-ais ocus ní h-aithrister a n-aister ná a n-imthecht nó co ráncatar co beinn Edair mic Edgaoithe.
¶5] Is ann sin do chruinnigedar fianna Eirenn uile i dtimchioll in fhir móir uair ní fhacatar a shamail riam roime. Táinic Caol in Iarainn do láthair ocus d'fiarfaig an tuc Fionn leis in fer do rithfedh ris féin. Ocus adubairt Fionn co dtuc ocus do thesbáin do é. Ar bfaicsin in Bhodaig do Chaol adubairt nach rithfedh rena leithéid do bhodach smertha choidche. Arna chloistin sin don bhodach dorigne glámrad garb gáire ocus adubairt: Is mellta ataoi dom thaobsa a ghaiscedaig, ar sé, ocus tabair dam fios na scríbe rithfios tu ocus muna rithedsa sin riotsa ocus
¶6] Is ann sin do ghluais in dias deglaoch sin. Mar atá Caol an Iarainn mac ríg na Tesáille ocus Bodach in Chóta Lachtna. Ocus ní h-aithrister a n-imthús co ráncatar Sliab Luachra na Muman ac dul faoi don ghréin. Is ann sin do labair ín Bodach ocus is é adubairt: A Chaoil in Iarainn, ar sé, is cóir dúinn árus toige nó botháin do dhénam bhias ós ár gcionn inocht. Dar go derbta ní rachad do dhénam toige ar Shliab Luachra na Muman mar ghell ar chomnaide aonoidche is gan súil agam re techt tar m'ais lem ló arís. Déntar amlaid, ar in Bodach, acht má thic liomsa árus toige nó boithe do dhénam is fada uada immach bhias cach aon nach dtiubradh a chongnam dochum a dhénta.
¶7] Is ann sin do ghluais in Bodach fán gcoill aimréid dorcha ba choimnesa do. Ocus ní stad ná mórchomnaide dorigne nó gur shnaidm sé ceithre cúpla fiched do móradhmad ocus co dtuc leis iat fóna ndíol taobán gcoille ocus d'úrluachair in t-sléibe don ualach sin. Ocus gur chuir tech fada fairsing ina shesam fó dhíon ocus fó thégar. Ina diaid sin do chuir mórthorc móradbal móirtheined d'úrach ocus do chríonach na coille ar úrlár in lóistín sin ocus do labair in dara h-uair le Caol: Más duine thu thiocfus liomsa d'fiadach ar bith fó na coilltib so. Ní fios damsa é, ar Caol. Ocus dá mb'edh ní led leithéidse do rachainn d'emhnad.
¶8] Is ann sin do ghluais in Bodach fón choill aimréid dorcha ba choinmesa do, ocus ní cian do chuaid innte in tan do mhúscail sé scaoth muc bfiadhain, ocus do ghab i n-aghaid na scaoithe ocus in torc ba threise atchonnairc sé do scar risin scaoith ocus do len i réim gacha conaire ocus gacha diamrach é gur sháraig le tréine retha ocus saothair é. Do thrascair co lár ocus co lántalam é. Do chóirig co glan degthapaid é, ocus do chuir i gcionn na teinedh lánmóire sin dá róstadh é ocus glés iompóidh ar na
¶9] Is ann sin do ghluais Caol roime sin t-slige ocus ní raibe gan móiregla air fón nemshuim atchonnairc ac in mBodach acá dénam de. Acht in tan do chodail in Bodach a leordóithin d'éirig ina shuide, d'ionnail a agaid ocus a láma, do chuir biad ar bórd faoi, do suid síos go sadhail sochma, ocus d'uaid leth in tuirc leth in aráin ocus d'ól bairille fíona ina chorp síos ina dhiaid.
¶10] Is ann sin d'éirig in Bodach ocus do chuir cnáma na muice co bailech i mbeinn a chóta lachtna. Do ghluais roime mar luas áinle nó ferbóige nó mar ghal ghaoithe ruaide mhárta ac gabáil fó mhaoilinn chnuic nó chairrge cennghairbe nó co ruc Caol in Iarainn istech. Ocus do theilg cnáma na muice tarrsna sin t-slige roime ocus adubairt: a Chaoil in Iarainn, ar sé, féch in bfuigtheá creinnt ar bith ar na cnámaib sin. Óir is derb co bfuilir lán d'ocrus ar mbeith ar Sléib Luachra na Muman aréir ad throscad. Do chrochad dogébthá a Bhodaig, ar Caol sul rachainnse ag iarraid bhíd ar na cnámaib do bís ac creinnt led chraoisfhiaclaib. Maised, ar in Bodach, ní mór duit cor siubail do chur ort bhus ferr iná chuiris co fóill.
¶11] Is ann sin do ghluais in Bodach ina réim siubail amail do
¶12] Is ann sin do ghluais Caol roime ocus fillios in Bodach co bfuair benna a chóta mar adubairt Caol. Do suid ocus do tharraing immach a shnáthaid is a shnáithe gur fhuaig ina n-áit féin iat arís. Is ann sin fillios in Bodach tar a ais. Ní fada do chuaid Caol in tan ruc air ocus adubairt leis: a Chaoil, ar sé, is cóir duit cor siubail do chur ort bhus ferr iná mar do chuiris fós más mian let áirdchíos na h-Eirenn do breith let mar adubrais chena. Óir ní biadsa ac fiiledh tar m'ais festa.
¶13] Is ann sin do ghluais in Bodach mar luas áinle nó ferbóige nó mar ghal ghaoithe ruaide mhárta ac gabáil fo mhaoilinn chnuic no chairrge cennghairbe amail is go rachad i bfírgheilt ghlinne. corop é sin tréinréim ruathair shiubail do bí fán mBodach co ndechaid fó mhaoilinn chnuic do bí fó chúig míle do bheinn Edair mic Edgaoithe. Is ann sin do chrom an Bodach ac ithe smér do na driseogaib co nderna sac sughlíonta de féin. Cid tra acht chuirios an Bodach a chóta lachtna de. Ocus do tharraing immach a shnáthaid ocus d'fuaig a chóta co nderna mála fada fairsing fírdhomain de. Líonus in Bodach a chóta co bél do na sméraib ocus do chuimil a lán díob dá chroicionn co raibe chom dub re gual gobann. Do thógaib in Bodach in tualach smér sin ar a ghualainn ocus do ghluais roime co talcanta {MS folio 9b} traigésga ac innsaigid bheinne Edair.
¶14] Is amlaid do bí Fionn ocus in fhiann co coitchenn lán do mhóiregla gurab é Caol in Iarainn do bí i dtosach, óir do chuiretar uile a muinigin i mBodach in Chóta Lachtna is gan fhios ar bith aca cia ar bh'é. Do bí techtaire áirithe ag Fionn immuich ar mullach na tulcha d'féchain cia aca don lucht retha do bí i dtús. Ar bfaicsín in Bhodaig do do chuaíd istech ocus d'innis Fionn co
¶15] Ní cian dóib in tan atchonnarcatar Caol i mbél in róid ocus a lám i ndornchur a chloidim ocus a dhá shúil ar derglasad ina chenn ocus é réid le dul fán bféinn dá gcoscairt ocus dá gcnáimgherrad. Ar bfaicsin Chaoil ar an órdugad sin don Bhodach thócbus lán a chráige don mhin ocus do na sméraib ocus thucus urchur nertmar ar Chaol díob gur chuir a chenn fedh maith ferainn óna chorp. Rithios in Bodach mar a raib in cenn ocus tucus in dara urchur de d'innsaigid na colna gur dhaingnig é chom daingen is do bí riam. Acht is amlaid do bí a agaid ar a dhruim ocus a chúl ar a bhrollach. Do rith in Bodach mar a raib Caol ocus do bhuail compar a chléib ocus a chuirp go h-athlam sin talam ocus do chengail co cruaid docrach doscaoilte é ocus adubairt: a Chaoil, ar sé, nár dhrochbaramlach duit a rádh co mbiadh áirdchíos ocus áirdchennas na h-Eirenn let don dul so. Acht ní biaidh lena rádh re fiannaib Eirenn co dtiubradaois braon mbáis nó mbegshaogail d'aonlaoch amáin is gan nech aige acht é féin dá chosaint. Ocus más duine thu bhérfus grian ocus ésca i dtacaidecht le cíos na Tesáille gacha bliadna red ló do chur fó dhéin Fhinn ocus fhiann Eirenn biaid t'anam let ar in dóig i bfuilir anois. Tuc Caol grian ocus ésca i dtacaidecht rissin do choimlíonad gacha bliadna rena ló. Ann sin beirios in Bodach ar barr láime ar Chaol ocus treoraigios dochum a luinge é ocus chuirios ina shuide innte é. Ina dhiaid sin bhuailios in Bodach preb i ndeired na luinge ocus chuirios secht léige ar fairrge immach don phreib sin í.
¶16] Ag sin mar d'éirig a thurus le Caol in iarainn mac ríg na Tesáille. A léigen a bhaile ar ghlés óinmide ocus amadáin ocus
¶17] Gurab é sin echtra Chaoil in Iarainn mic ríg na Tesáille ocus Bhodaig in Chóta Lachtna conice sin.