Corpus of Electronic Texts Edition
Bruiden bheg na h-Almaine (Author: [unknown])

p.336

{MS folio 99b}

¶1] Fledh mhedarchaein mhóradbal do commórad le Fionn mac Cumaill mic Thrénmóir úi Bhaeiscne in Almhain lethanmóir Laigen. Ocus in tan ba h-ollamh ionchaithme in fhled táncatar maithe ocus móruaisle na féinne dá caithem. Ocus is iat do b'uaisle ocus do b'onóraige díob i n-agaid Fhinn .i. Goll grennmar gníméchtach mac Mórna, Oisín firghlic fírnimhnech mac Finn, Oscar anghlonnach mac Oisín, mac láimechtach Lugach, Diarmait drechsolus ua Duibne ocus Caeilte mac Rónáin. Ocus clanna gusmara Duibdhíorma, ocus clanna Smóil, ocus aicme Duib dá Boirenn, ocus Goll Gulban, in Corr cosluath ocus a chlann .i. Conn, Donn, Aedh ocus Anacán; Iobhar áirdéchtach mac Criomthainn chróda choscartaig ocus dias mhac do ríg Laigen. Ocus fa daltada d'Fionn iat araen; ocus Coirell coscartach ua Conbroin. Táncatar dochum na fleide dias mhac do ríg Alban ocus dronga diandásachtacha {MS folio 100} do macaib ríg ocus rouaisledh in domain maille friu.

¶2] Acht atá ni chena táncatar fianna Eirenn uile ann ocus do shuid Fionn isin fhochla féinneda ar lár na bruidne. Ocus do suidh Goll grennmar mac Mórna isin fochla féinneda eile. Ocus maithe a muintire féin fó gach aen acu. Ocus do suid gach aen acu ó shoin amach do réir a n-uaísle ocus a n-atharda ina ionad chinnte comadhais féin amail fa ghnáth in cach áit ocus cach aimsir roime sin dóib.

¶3] Is ann sin d'éirgetar fedhmanaig go fíoraichbéil re frestal ocus re friothólam na bruidne. Ocus do ghlacatar cuirn chlochbuadacha co nemannaib glanáilne gloine ocus co gcerdacht chruithniamda for cach escar loinnerda láinghrésach lánálainn díob. Ocus do dáiled deocha garga gabáiltecha do lenntaib réide rómhilse do


p.337

na deglaochaib sin. Ocus d'éirig grenn ina ngiollanraid, mire ocus menma ina míledaib, míne ocus macántas ina mnáib, fios ocus fáistine ina bfiledaib.

¶4] Is ann sin ro éirig bollscaire co cert comathlam ocus do chroith slabrad acarb iarnaide do chosc mogad ocus ladronn. Ocus do chroith slabrad sínte senaircit do chosc maithed ocus móruasal na féinne ocus aeis dána ar chena. Ocus d'éistetar cách co taei tostadach. {MS folio 100b} Ocus do éirig Fergus finnbeoil .i. file Finn ocus na féinne ocus do gab duana ocus dréchta ocus degdhána a shen ocus a shinser i bfiadnaise Fhinn mic Chumaill. Ocus do dhíol Fionn ocus Oisín, Oscar ocus mac Lugach, in file co fíoraichbéil do uaisle cacha maeine ocus cacha maithesa. Ocus do chuaid iar sin i bfiadnaise Ghuill mic Mhórna. Ocus adubairt Bruidne ocus Toghla, Tána ocus Tochmarca a shen ocus a shinser do. Innus cor ba subach soimenmnach meic Mórna ó na h-eladnaib sin.

¶5] Is ann sin adubairt Goll: ‘Cá h-íonad i bfuil m'echlach féin?’ ar sé. ‘Atáim sunn a rígfhéinnid,’ ar sí. ‘Ar thucais mo chíos láime ó Lochlannchaib chucum?’ ar sé. ‘Tucas co derbta,’ ar sí. Ocus arna rádh sin di ro éirig co prap príméscaid ocus do léic mar thort mhuice móraichbéile nó mar eire laeich láidir mherchalma do ór álainn aithlegtha ar lár na bruidne i bfiadnaise Ghuill. Ocus do scaeil in cumdach do bí ac imdíten in chíosa sin ocus do léic na seoit saera somaisecha ar lár i bfiadnaise na bruidne sin. Ocus do díol Goll Fergus mar ba gnáth leis. Ocus ní raibe file fiosach focailghér, ná degfher duasmhór dána, ná cruitire ceoilbhinn {MS folio 100b}, ná senchaide seolta snuadhfoclach, ná aenduine re h-eladain do Eirennchaib ná d'Albanchaib dá raibe i mbruidin na h-Almaine in oidche sin nach dtuc Goll comaein óir nó aircit nó iolmaeine do cach aen díob.

¶6] Is ann sin do labair Fionn ocus adubairt: ‘a Ghuill,’ ar sé, ‘cá fada atá in cíos út acutsa ar Lochlannchaib ocus mo chíos féin orra? Ocus co bfuil laech ac coimét mo chíosa is mo chána, mo fiadaig ocus mo fhianchoscair innte? Ocus is é in laech sin .i. Ciarán mac Lathairne, ocus is curad cruadchomlannach in tréinfher sin ocus atáit deich gcét laech lánchalma ar a theglach féin.’

¶7] Is ann sin do labair Goll le mac Cumaill, óir do thuic sé co raib ferg ocus format ac Fionn fris, ocus adubairt: ‘a Fhinn,’ ar sé, ‘is fada atá in cíos sin acumsa ar Lochlannchaib ó'n uair do chuir


p.338

th'athairse cocad ocus cuinnscleo orm, ocus do chuaid rí Eircnn cona chóicedachaib im agaidse le Cumall ocus do b'éicen dam Eire d'fácbáil dóib. Ocus do ghluaises romam co Bretain, ocus do gabad in chríoch sin liom ocus do marbas in ríg féin ocus do chuires ár ar a mhuintir, ocus do chuir Cumall as sin mé. Tiagaim as sin co Fionnlochlanncha ocus do thuit rí fionnlochlainn liom maille rena theglach. Ocus {MS folio 101} do chuir Cumall as sin mé. Ocus táncas as sin co h-Albain ocus do thuit rí Alban liom, ocus do chuir Cumall as sin mé. Táncas as sin co Saxain ocus do thuit rí Saxan liom maille rena teglach. Ocus do chuir Cumall as sin mé. Ocus táncas co cath Cnuca ocus do thuit t'athair liom ann, ocus is í sin uair i fuarassa in cíos út ó Lochlannchaib,’ ar Goll. ‘Ocus tucas thusa féin liom ar ndul co dúnad ríg Lochlainn ocus do chúic fir déc maraen riot. Ocus ben ríg Lochlainn iar dtabairt grádha duit ocus do beith ar láim i gcarcair thalman ar fedh bliadna, ocus lá cinnte acu dochum báis d'imirt ort féin ocus ar do mhuintir. Ocus dar do láimse, a Fhinn, do chuadassa co dúnad ríg Lochlainn ocus do marbas in ríg féin .i. Eogan Mór, ocus do chuires ár a mhuintire ocus do bhenas a n-ór ocus a n-aircet díob. Ocus d'fácbas ríg ar Lochlannchaib .i. Tine tréinnertmar mac Trioscaill ocus do naisces cíos dam féin ar Lochlannchaib. ocus ac sút é,’ ar Goll. ‘Ocus a Fhinn,’ ar sé, ‘ní cíos láime atá acutsa orra acht rígféinnidecht ocus maerchoiméta atá acut innte. Ocus ní mhillfedsa sin iomat. Ocus a Fhinn,’ ar sé, ‘ná bíse ac tnúth liomsa fá'n gcíos út, óir dá bfaghbainn ní bud mhó iná sin is duitse ocus d'feraib Eirenn dobérainn é.’

¶8] Is ann sin do fregair Fionn co fergach {MS folio 101b} fírniata ocus adubairt: ‘A Ghuill,’ ar sé, ‘ro admais as in scél sin co dtáncais ó chathair na Beirbe co Cnucha ocus cor marbais m'athairse ann sin. Ocus is dána duit sin d'insin damsa.’ ar Fionn. ‘Dar do láimse,’ ar Goll, ‘dá dtucthása esonóir dam mar thuc t'athair is é in díol cétna dobérainn ort mar thucas ar Chumall.’ ‘A Ghuill,’ ar Fionn, ‘do bud maith m'acfainnse ar gan sin do léicen let, óir cét féinned fíorchalma atá ar mo theglach i n-agaid cach aein dá bfuil ar do theglachsa.’ ‘Mar sin do bí t'athair,’ ar Goll, ‘ocus do dhíoglassa m'esonóir fair. Ocus dogénainn mar in gcétna fortsa dá dtuillteá uaim é.’

¶9] Do labair Cairell cneisghel ua Baeiscne ocus adubairt: ‘a Ghuill,’ ar sé, ‘is iomda fer do choiscis i dteglach Fhinn mic Chumaill.’ Do labair Conán Mael mallachtach mac Morna ac rád: ‘luigim fám


p.339

armgaiscid ar sé nach raibe Goll ariam dá laghad muinter do biadh aige nach mbiadh fer ocus cét ar a theglach ocus co gcoiscfedh gach aen acu thusa.’ ‘In díobsan tusa, a Chonáin chlaenchaintig chennluim?’ ar Cairell. ‘Is díob, a Chairill chiaraig chréchtingnig chnesbhrogaig bhecnertaig,’ ar Conán. ‘Ocus do rachainn dá shuidem ortsa co raib in égcóir ac Fionn.’

¶10] {MS folio 102}Is ann sin d'éirig Cairell ocus do buail dorn dána dásachtach ar Chonán. Ocus ní h-urramach do frecrad sin ac Conán, óir do buail in dara dorn ar Chairell i gcertlár a étain ocus a fhiacal. Acht atá ní chena tucatar sáidhte seingmhera sárluatha firnimnecha i gcorpaib ocus i gcnesaib a chéile, cor ba buanraebtha bruinne ocus brollaige na ndeglaech sin ó'n móirghleo sin.

¶11] Is ann sin ro éirig dá mac Oscair mic Oisín .i. Echtach ocus Iollann. Ocus dorignetar léibenna dlútha doscaeilte dá sciathaib ina dtimchioll ocus tucatar sáidte doimhne doleighis ar Chonán isin chomlann. Arna fhaicsin sin do dhá mac Ghuill mic Mórna .i. Conán do bheith isin éicin sin, ro éirgetar ocus do ghoinset clann Oscair isin íorghail.

¶12] Is ann sin do éirig in leoman láidir lánchalma ocus in drecan dian dásachtach doedranda .i. Oscar anghlonnach mac Oisín. Ocus do chuir a chulaid álainn óir fána chaemchorp .i. scaball cuanda cerdamail fána mhuinél, ocus a sciath mór míleta ar a láim chlí. Ocus a chloidem cruaid cuilgdírech isin láim aroile do ocus do chuaid co rachtmar róaicentach d'furtacht a chloinne ocus Chairill a bráthar. Cidedh níor nocht a chloidem {MS folio 102b}, acht do ghab dá órdúrladhaib .i. órd in cach láim do isin ghroidghleo sin. Adubairt Conán re h-Oscar: ‘Dobeirim a bhuide risna déib do thecmáil i gcóir chomlainn friom, a Oscair,’ ar sé. ‘Óir snígfed snáíthe do shaegail.’

¶13] Is ann sin do chomraic Oscar ocus Conán re chéile. Ocus do b'é críoch a ndála gur claeidhed Conán ocus gur bhain Oscar osnad égcomlainn as. D'féch Conán ar Art óc mac Mórna, ocus d'éirig in mílid mórárrachtach Art óc ocus do goinedh Oscar leis. Níor fuilngedh sin le h-Oisín fíorláidir mac Finn ocus do goined Art óc leis. Ro éirig Garbfoltach mac Mórna ocus do goined Oisín leis. Ro éirig Mac Lugach calma ocus do chuir a chulaid catha ocus cruadchomraic uime ocus do goined Garbfoltach leis. Ro éirig Garadh uchtlethan mac Mórna ocus do goined mac Lugach leis.


p.340

¶14] Is ann sin ro éirig Faelán mac Finn cona thrí cét bráthar maraen fris ocus do chuaid co láidir lánchalma isin chomrac ocus do cuired meic Mórna dá n-áitib uile leis.

¶15] Is ann sin do éirig in leoman lánchalma, ocus in mílid mórdhálach móirmenmnach, ocus in drecan dian dásachtach, ocus in bheithir bharramail, ocus in barann buaintiodlaicech, ocus in ursa íorghaile, ocus in colamhan cruadchomlannach cocaid .i. Goll grennmar {MS folio 103} gníméchtach gruadchorcra glainmenmnach mac Mórna. Ocus do ghab a chulaid catha ocus comlainn uime .i. scaball sciamda scoithbregh im a mhuinél, ocus a chotún caemchadásach ciumaisghel im a chaeimchneis, ocus a chloidem rinnghér ródhaingen sobhuailte ina dhorn doinningnech, ocus a sciath mór míleta bocóitech ar a láim chlí. Ocus do chuaid co dána dásachtach dochoiscthe fó'n mbruidin, ocus níor fhác tápar tromlasrach ná lóchrann loinnerda lántsólus isin mórbhruidin can múchad, ná bórd can blogha beca bélscaeilte do dénam díob.

¶16] Is ann sin do ghoir Fionn a chaismirt catha .i. a scál coille co congáirech, ocus adubairt re fiannaib Eirenn meic Mórna do múchad ocus do marbad can choigilt.

¶17] Is ann sin dorignetar fianna Eirenn léibenna dlútha daingne doscaeilte dá sciathaib ina dtimchioll, ocus do chuaid Fionn i dtosach na dtréinfer sin ocus do ghabatar ac cnáimgherrad a chéile can choigilt. Is ann sin do ghab fiuchad feirge Goll, ocus dorigne sciath daingen doibhriste de féin ar scáth a mhuintire. Is ann sin fá fíochmar na trénbuidne ocus na sárflatha, ocus fa mer na mílid, ocus fa líonmar na laechrada, ocus fa chréchtach {MS folio 103b} na caithmílid ó'n gcath nertmar nemcharthannach nimnech tucsat na fíorlaeich sin dá chéile. Do b'iomda ann sin fuil ac siled ina srothaib re slesaib na saerchlann, ocus cnedha doimne do-leighis forsin ndruing díobhálaig doedranda sin, do b'olc in áit do dhuine anbfann eslán nó do mhnaoi mhíonla mhéirlebair. nó do shenóir aesda chianarrsa beith i mbruidin bic na h-Almaine in oidche sin ac éistecht re h-osnada óg ocus sen, ísel ocus uasal. co h-esbadach anbfann égcruaid dá n-úirled ocus dá n-athchumad. Ocus do bátar ar in aiste sin ó thosach oidche co h-éirge gréine arna márach can choigil dá chéile.

¶] Is ann sin ro éirig in file fáthach focailghér ocus in degfer duasmhór dána i. Fergus finnbheoil, ocus aes eladna na féinne


p.341

maraen fris, ocus do ghabatar a nduana ocus a ndegdánta ocus a ndréchta degmholta do na laechradaib sin dochum a gcoiscthe ocus a gcennsaigthe.

¶18] Iar sin do scuiretar dá n-úirliugad ocus dá n-athchumad re ceol na bfiled, ocus do léicetar a n-arma re lár ocus ro thócbatar na filid na h-arma ocus do ghabatar gréim réidtig etorra. Ocus adubairt Fionn nach {MS folio 104} ndénfadh síth re clannaib Mórna co bfuigbedh breith ríg Eirenn. Ocus Aillbhe ingine Chormaic mic Airt mic Chuinn chétchathaig, ocus Chairbre Lifechair .i. rígdamhna Eirenn, ocus breith Fithail ocus Flaithrí, ocus barr na breithe do beith ac Fionntan mac Bóchna, ocus adubairt Goll co dtiubradh sin do, ocus do chuiretar coraigecht na bfiled orra araen fó anmain i mbun na síthe sin, ocus do dhaingnigetar lá áirithe .i. caeicdigis ó'n ló sin ar faidche na Temrach.

¶19] Do féchad uiresbada na féinne in tan sin ocus is é do b'esbadh do mhuintir Fhinn .i. aenchét déc d'feraib is do mhnáib. Ocus do b'iomda rígain rathmar róuasal, ocus ainder álainn ilchrothach, ocus maigden mhíonla mhilisbriathrach, ocus laech lánchalma léidmech ar dtuitim ann sin. Ocus do b'iomda srón arna créchtnugad, ocus súil arna h-athchumad, cluas arna ciorrbugad ocus cos arna cnáimgherrad, ocus lám ar ledrad, ocus corp arna ciorrbad, ocus taeb arna tollad ac in ndruing do bí beo do mhuintir Fhinn mic Chumaill in tan sin.

¶20] Imthúsa Ghuill ocus a dhegmuinntíre .i. clanna Mórna, níor {MS folio 104b} thestaig uatha acht aenfer déc d'feraib ocus caeca ban. Ocus ní h-é marbad na mban dorigned acht éc dóib re h-uaman ocus re h-ecla. Ocus do cuired dá leighios gach aen do ba inleighis díob. Ocus dorigned ferta fiordhoimne fótfairsinge do'n méit do marbadh díob ar gach leith.

¶21] Iar sin do glanadh in móirthech sin na h-Almaine ocus do suid cach aen acu do réir a uaisle ocus a atharda. Ceithre lá déc dóib ar in órdugad sin, ocus i gcionn na ré ocus na h-aimsire sin téidit co Temair. Ocus do suid Cormac ocus Cairbre, Aillbe ocus Fithal, Flaithrí ocus Fionntan mac Bóchna i n-ionad bhreithemnais. Ocus do chuaid Fionn i gcionn a scél d'innsin ar dtús. Ocus a dubairt Goll: ‘a Fhinn,’ ar sé, ‘ní duit dobérmaeis innsin na scél do biadh etrainn. Óir dogéntása fírinne do'n bhréic ocus bréc do'n fhírinne im agaidse. Ocus tabram araen innsin ár scél d'Fergus. Ocus luiged fóna dhéib fírinne do dhénam etrainn.’


p.342

¶22] Do aentaig Fionn sin ocus tuc Fergus daingniugad fó'n bfírinne do dénam. Ocus ro innis gurab é Cairell do bhuail dorn ar Chonán ó thús. Ocus co dtáncatar dias mac Guill do chobair Chonáin {MS folio 105} ocus co dtáinic Oscar d'furtacht a mhuintire féin. Ocus léissin gur éirgetar fianna Eirenn ocus clanna Mórna i n-agaid a chéile. Ocus gur ghabatar ac cnáimgherrad a chéile can choigil ó thús na h-oidche co h-éirge gréine arna márach. Ocus gurab iat esbada muintire Finn mic Chumaill risin ré sin .i. aenchét déc d'feraib ocus do mhnáib. Ocus aenfer déc d'feraib is caeca ban esbada cloinne Mórna. Ocus fós co raibe in iomad esbadach díob ó'n ruathar sin leith ar leith.

¶23] ‘Is iongnad liom laghad díthe chloinne Mórna,’ ar Cormac, ‘ocus in méit do bí ina n-agaid.’ Adubairt Fergus gurab é Goll do chuaid ar scáth a scéithe ar a mhuintir féin. Ocus is iat sin scéla na bruidne sin a rí Eirenn ar Fergus. Adubairt Flaithrí: ‘Einechlann do chlannaib Mórna,’ ar sé ‘ós orra do tosaiged in t-adbar.’ ‘Ní breith mhic ollaman sin,’ ar Cormac, ‘óir dleghaid cach óclaech urraim dá thigerna.’ ‘Is fíor sin isin mbánbhualad,’ ar Flaithrí, ‘ocus ní h-edh i ndortad na fola.’ Adubairt Fithal: ‘Saermaid clanna Mórna can einechlann do thabairt uatha ós orra do tosaiged in t-adbar, ocus fós saermaid Fionn ar méit a esbadh can einechlann do thabairt uada.’ Adubairt Fionntan mac Bóchna: {MS folio 105b} ‘Is breith mic ollaman sin,’ ar sé. Ocus do mhol Cormac ocus Cairbre in bhreith sin.

¶24] Iar sin do goiredh in fhiann do láthair ocus ro h-innsedh in bhreith dóib, ocus dorigned síth etorra amlaid sin. Conadh í sin bruiden bec na h-Almaine conice sin.

.Finit.