Corpus of Electronic Texts Edition
Áirem Muintire Finn (Author: [unknown])

p.92

{MS Egerton 1782 folio 25b1}

¶1] Airem muintiri Finn in so. .i. dechnemar ocus secht fichit rífhéinnidh a lín. Co trí nónbaruib laech la gach fior díb sin. Co ngiallcerdacht leo feib búi la Coinculainn isin aimsir hi raibi. Gan crodh do ghabhail na sárugud. Gan duini d'éra im shéd ná im biadh. Gan teitheadh ré nonbur laech do gach fir díb.

¶2] Ní gabthái fer díb sin isin bhféin nó a mórdáil Uisnigh {MS Egerton 1782 folio 25b1} nó a nóenach Taillten nó a féis Temroch nó go tucdais a n-aitri ocus a máitri a tuatha ocus a finedha slána tairrsib cidh in uair sin do muibfithe iad gan a n-agra. Ar dáigh ná beith a súil re nech eli dá ndíghuilt acht iad fén. ocus cid iad som do derna mór-olca gan aithi ar a muinteraib.

¶3] Ní gabhthai fer díb so co mbo rífili dá leabar déc na filidhechta. Ní gabtha fer díb fós co nderntái latharlog mór co roiched fillidh a uathróigi. Ocus no chuirthe ann é ocus a sciath les ocus fad láime do chronn chuill. Ocus nónbar laech iar sin chuigi co nái sleguib leo ocus deich nimuiri atturru co ndibruigidís i n-óinfecht é. Ocus dá ngontai thairis sin é ní gabtai a bfianoigecht.

¶4] Ní gabtái fós fer díb so co nderntai fuiltfighi fair ocus go cuirthi trí feduib Erenn ina rith é co tigdísim uili ina diaid ar


p.93

eiccill a gona. Ocus ní bídh aturro acht in craeb do ega. Dá rugta fair do gontai é ocus ní gabthai iar sin. Da crithnaidhidís a airm ina láimh ní gabtai. Dá tucad craeb isin choill ní dá fholt as a fhige ní mó no ghabtai. Dá minaigedh crand crín fá a chois ní gabtái. mina lingedh tar crann bud comard re a édan ocus mina cromad fó cradd bud comard rena glún ní gabtai é. ocus mina tucad in dealg as a chois dá ingin gan toirmesc a retha uime ní gabtai a bfianaigecht é. Ocus dá ndernadh sin uili fa do muir Finn é.

¶5] Maith tra in fer agá rabatar in fhian sin. Ar nob é in sechtmad rí ro búi for Eirinn é .i. cúig rí na gcóiged. Ocus rí Eirenn. Ocus eisim in sechtmad rígh fri láim rí Eirenn etc.

¶6] Dá chúlcoimétaidi Finn .i. Nóenelach ocus Raer ua in gairb. Dá maer a chon .i. Crimthan ocus Connla cass. a rannaire .i. Catluan mac Crimthain. Táisech a comóil .i. Corc mac Suain. A trí dáilemuin .i. Diarmait ua Duibne ocus Failléne ocus Colla mac Cáilti. A dá tháisech tellaig .i. Cáilti ocus Glanna. a dá fer dergaithe a leptha .i. Adhmoll ocus mac Neri. A dá fer déc chiuil .i. Fergus finbél. Fianu. Bran. Dá Réidhe. Nuadho ocus Aithirne aghmar ocus [...] Flann ocus Aedh airdcheolach. {folio 25b2} Cobthach ocus Cethern. A liaig .i. Lerthuili. A dá sithealcoimédaighi .i. Braen ocus Cellach Muel. A berrthóir .i. Scannal. A círtóir .i. Daelgus. A ara carpait .i. Rinnchú. A dá tháisech marcsluagh .i. Aena ocus Becán. A trénfer .i. Urcraidhe ua Bregaidhe. A seisir dóirseor .i. Cuchaire ocus Bresal borr. Finnchadh ocus Mac dá fer. Imchadh ocus Aithech mac Aithech bail. A saer .i. Donngus. A goba .i. Collán. A cerd .i. Congurán. A chornuiri .i. Cúlaing ocus Cúchuailgni. A dá fáidh .i. Dirinn ocus Mac reith. A tinnmedóir .i. Cuinnscleo. A chainnleoir .i. Cudamh. A dá fer imchuir sleighi .i. [...] ocus Uadhgarb. A fer imchuir scéithi .i. Railbe. Ocus araile.

.Finit.