Corpus of Electronic Texts Edition
Erard mac Coisse cecinit (Author: [unknown])

p.42

{folio 149b}
  1. A Mór Maigne Moigi Siúil,
    becc a dainme essbaid n-eóin,
    mass áilli éc duit fodéin,
    nách bét1; dot chéill cáiniudh geóidh?
  2. A inghen Dondchada druin,
    ara fil borrfadho ban,
    nách cúalo scél, solma sin,
    inn úair fotgeir do géd glan?
  3. Nách cúalo gercnat don gléo?
    is marb Conn Cétchathach cúa,
    ocus Corbmac ocus Art,
    easbach an mac is an t-úa.
  4. Nách cúala díl Crimthain chóir
    meic Fidhaig do finnchloinn áin?
    ocus Eogan taidhlius tess
    focherd cess for Cliu Máil?
  5. Nách cúala an ngnímh ngeimlech ngarcc?
    marb Eochaid feidlech na fferg,
    ocus Criomthann croide níadh
    ocus Lugoidh dá ríabh ndearcc.
  6. Nách cúala in n-iuboile n-airc
    da bfúair Iugaine núall n-uilc,
    nách cúalo an foraire fecht
    da romelt Conaire Cuilt?
  7. Nách cúalo Mongán, maith laoch,
    di thuitim hi condáil crích?
    ocus Cermat milbél mín
    mac an Dagda déin do díth?
  8. Nach cúala an lámdhaith do lot,
    Cúchulainn, rob ánraith ait,
    ocus nochár fannaigh fer
    do neoch rogabh gái 'na glaic?

  9. p.44

  10. Nách cúala an ngnímh ngalann gann,
    Fothad Canann, clú nát binn,
    ocus an rígféinnidh ríemh
    darb ainm tóisech na ufían Finn?
  11. Nach cúala Fergus ciarb án
    dárba lán cech lerghus lór,
    ocus Manannán mac Lir,
    a m'anamán min, a Mór?
  12. Geóidh i nÉirinn re linn mBríain,
    Brían rogab Éiblinn co n-ór,
    maith cara fil agat Brían,
    fíal flaith Chinn Mara, a Mór.