Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 37

Is annsin immorro tánic laech arnaid annsergach do muintir Finn hi cath na columon .i. Laegaire Lúathbéimnech mac Duib mic
30] Sálmóir mac ríg fer Fánoll ocus do bris bern céit isin cath i n-urchomair a aigthi & ro imir a ferg ar Lúaighni Temrach, co torchratar cét láech lasamoin lángér leis do muintir Fir lí. Ótconnairc Fer lí immorro in sernad slige & in roréidhiugud ríghda


p.92

romór-sin & in cumach catha tug Laegairi for a muintir, tánic Fer lí a cend conaire dó. ‘Is baranta na borbrúathair-sin, a Laegairi,’ ar Fer lí. ‘Is fír ón,’ ar Laegairi, ‘& ní frit-sa bértar a buidhi. Ní comchogur carat tucabair-si ar ar muinntir-ni,’ ar Laegairi. Is
5] annsin tángatar cét laech lasamuin lángér do muintir Fir lí ar a bélaib isin irgail & torchuirsit in cét laech-sin lé Laegairi ar inchuib a tigerna. & gonuis Láegairi Fer lí & gonais Fer lí éisin i35 comáin a ghona. & tángatar cét laech arnaid ansergach eili do muintir Fir lí ar a inchaib isin uair-sin & torchratar in cét-sin do láim Láegairi hi críchaib in
10] chomlainn. & gonuis Fer lí ésim & gonuis sim Fer lí. Acht chena tárratar in días sin árach comraic & comlainn ar a céli, gur sáithetar slegha crannremra curata crórighni a taobaib & a torcasnach a chéile. Acht atá ní chena, fa búaidhred arna buidhnib {MS folio 24a1} ocus fa crithnugud ar na cathuib beth hic féchain comruig na desi-sin, co
15] torchair Laegairi hi críchaib in chomlainn le Fer lí & comáidis Fer lí in cosgur.