Tángatar immorro na deich cét ar fichit cét curad catharmach ro
bátar columna na Temrach don leith ele don áth & rogabatar a n-erreda
catha & comraic & comlainn impu & rosinnedh a sduicc rompo & rocronaiged
a comairc & ro cóirged a cath léo & rohegradh & rohordaiged a
mílid merchalma & a curaid confadacha & a n-ánraid échtmara a
20]
n-urthosach in imbúalta acu .i. Fer tái mac Uaithni Irgalaig ocus
Fer lí mac Fir thái ocus Émer Glúnglas mac Aeda mic Garaid & cúic
mic Uirgrenn & Aithlech mór mac Duibrend ocus Uirgrenn budesin &
na trí Táiblendaigh a fosadlár Fernmuighe. Et rugatar sidhe
saidemail sárlúath sruthlúaimnech co lármedón in átha don tóeb araill
25]
ar agaid Finn & a muintire.