Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 33

Acht atá ní chena, tánic in seanóir súaichnidh sonairt sithchenach-sin .i. Finn & gabais láma for in úathad slúaigh robúi ina farrad im calma do dénom a n-agaid na sochraiti robúi ar a cinn.
25] Et ro érgetar na cúig cét déc fíangaiscedhach robúi hi fochuir Finn re gairbgresad gotha a tigerna & ro ling gach láech ina lúirig díb & roglacc gach curaid a claidem & do gab gach mílidh a manáis, co rabatur fó bróin scéith & claidim & cathbairr fa Finn mac Cumuill & fa Cétach Cithach mac ríg Lochlann ocus fa Laegaire lúathbéimnech
30] mac Duib mic Sálmóir mic ríg bfer Fánnoll & fa Aedh mBaillderg


p.88

mac Fóeláin mic Finn & fa trí Conuib Móenmuighe. Et rothógbatar doiredha dlúithe díghainne dímóra donnrúada derglasrach da cráisechaib crannremra curata cóigrindi & da laighnib lethanglasa & da fogháithib fuilecha fóebarderga & dorónsat mainner áthusach ogulborb aintrenta
5] & léibend daingen dlúith díthoghlaidi doscáilti do scíathaib scíamda scellbolgacha ocus do scíathaib áille áingheala & do scíathaib engacha úainidhe & do scíathaib corcra cróderga & do scíathaib étrochta aladhbreca ocus do scíathaib dubchorcra deilgnecha & do scíathaib brecbuidhe búabalda. Fa lór immorro d' úathgráin & do chridhenbás
10] da mbidbadaib a faigsin fon innus-sin ar nemnighe a n-arm & ar ághmuiri a n-innill & ar crúas a craided30 & ar cródhacht a comairli. & rucatar sidhi arnaid athlum imésgaid antrenta ina cippi chóirigthi & ina mbróin badhba & ina tuinti trethanborb co lár medhóin31 ind átha.