Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 29

Tánic in echlach roimpi & ro innis scéla derba d'Finn ‘& aderuit is senóir díblidi dolámaigh thusa, a Finn,’ ar in echlach.


p.82

‘Doberim bríathar ris,’ ar Finn, ‘gurub cath gilla óig dobér dóib- siun.’ Ocus isbert in láid ann:
    1. Sen-Lúaighni Temrach
      co mbríathraib gúa,
      da rísat Brea
      dobér cath núadh.
    2. 5] Mac Aedha mic Garaid,
      mac Émir Glúnglais,
      is é crích a ríghbais
      bith 'sa cath ag tnúthgreis.
    3. Clannmaicni Uirgrenn
      tuitfit ina forgolld,
      gach olc da tuirmim
      bu dóib bus aidhgeall.
    4. Budh ait le náimdib
      da ndáilit bera,
      10] bérait ina mbélaib
      leó na sgéla seana.

Asa haithli-sin adbert Finn: ‘Érig, a echlach, & tairg tuilled comadh dóib súd ar sotlacht a slúaigh & ar feabus a n-engnama & ar détlacht a ndeghdáinead & ar cródacht a comairle, úair nemaithmech gach náma, a echlach,’ ar sé, ‘& tabair a mbreith féin dóib,
15] ár ní maith cath gan chomha.’ Tánic tra Birgod banechlach co hairm hi rabatar na maithi-sin & targaid a mbreith féin dóib. ‘Ní ghébum crodh ná coma ná tír ná talmain, acht cath co ndíglum ar senfolta co sunda,’ ar in senláech. Ocus fóbrais Fer lí marbad na hechlaigi & nír liged dó. ‘Doberim dom bréthir ris,’ ar Fer lí,
20] ‘a Birgad, da faicther tú doridisi, co n-imérat gairdi thsáegail fort.’