Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 28

Ocus tánic in echlach aridhisi & targaid na comadha-sin. ‘Is cóir na comadha do gabáil,’ ar Fer tái, ‘& gach nech tug cath go
20] hégóir ríam d'Finn, is roim Finn ro meabaid orra’ & isbert Fer tái láidh air sin:

    1. Doconnarc-sa Finn ag slaidhe slúagh
      ar ar bris báigh,
      tachur ris is comlann cláen,
      mairg thét 'na dáil!
    2. Ní racha Finn gan tachur ris
      gidh garb a ghlonn,
      25] go raibi mur is mían lem
      gan chíall, gan chonn.
    3. Betid na fir ó Móenmuigh ann
      go fóebraib uill,
      ó bar tachur, a fían nach timm,
      bet daim gan cuing.
    4. Do.

‘Is mithig dam-sa imthecht budesta,’ ar in echlach. ‘Ní gabthar crodh ná coma ele úaib acht cath,’ ar Émer Glúnglas mac
30] Aedha mic Garaid & ar mic Uirgrend mic Lúidhech Cuirr & ar Lúaighni Temrach.