Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 27

{MS folio 23a1}

‘Is olcc in chomuirli sin,’ ar Fer tái, ‘cath do tabairt d'Finn, ar a úaisli & ar a aingidhecht & ar a ághmure.’ ‘Ac idir ón,’ ar
10] Fer lí, ‘ní gébam-ne ní ar talmain acht cath úad. Ar ní frecéra in díbinn senláich úd sinni,’ ar sé, ‘ar lámach nó ar laechdacht ré comthógbáil catha.’ Ocus ro impáidh in echlach roimpi arís & ro fritháil na briathra-sin d'Finn. ‘Doberim dom bréthir ris,’ ar Finn, ‘dá tístaís ar sochraiti chugainn, nach bíadh úainde na
15] comadha-sin dóib. Éirig-si aridhisi, a echlach,’ ar Finn, ‘ocus tairg tuilled comadh dóib.’ ‘Ca tuilled sin ón ?’ ar in echlach. ‘Breth bretheman & a mbreth féin fós dóib air sin anúas.’