Tánic tra Birgat banechlach co hairm i rabatar na maithi-sin
20]
& ro chan sin riu. Is cóir na comadha do gabáil, ar Fer tái, uair
is mór do grádh-sa ag Finn', a Fir lí, ar sé. Oir is tú indara fer
dég do bídh ina luing ac Finn ocus do bídh tosach coguir & comairle
agot úadh & deredh comhóil, & is dalta dó tú, ar sé. Doberim
dom bréthir ris, ar Fer lí, nach dingnum comól cairdeamail
25]
choidhchi misi & Find, ar sé, & fós nách rach ina luing co bráth.
Is olc in comairli-sin, ar Fer tái, úair is flaith úasal fortamail
forglidi Finn, ar sé, oir is ágmar urlam innsaigthech hé cona féin.
Ocus do connac-sa Finn ar sé, a cathuib & a comlannuib & ní faca
a macsamla ríam ar déne, ar tairpige, ar dechrad, ar chrúas, ar
30]
chalmacht, ar luinne, ar laechdacht ag slaidhe slúag & sochaide &
atbert in láidh and:
- Mairg dobéradh cath don féin
da mbet ar céill garb a ngluind,
dob ferr anad ag Finn féin
ocus dul da réir 'na luing.- Nocha racha mé go Finn,
bet ar a chinn 'sa cath cruinn,
is ní anab gan é féin,
nocho rach da réir 'na luing.
5]- Maith do slaidhi catha cirb,
Finn lám a sráinti in gach aird,
gach nech tachrus ré ríg réil
dar lim is dó féin a mairg.M.