Corpus of Electronic Texts Edition
The Chase of Síd na mBan Finn and the Death of Finn (Author: [unknown])

paragraph 16

Ocus ótchonnairc Fer lí begán slúaig & sochaide a fochair
5] Finn ro smúain feall & meabal & mítháem do dénum air cona muintir, úair ní raibi a farrad Finn annsin da muintir acht Cétach Cithach mac rígh Lochlann & Laegaire Lúathbémendach mac Duib mic Sálmóir macg Fer Fánnall & cúig cét12 laech hi fochair gach duine díb & isin aimsir-sin tángatar tar muir hi gcend Finn & tuc Finn
10] leis íat in oidchi-sin mar onóir dóip & ro fáguib a chlannmaicne féin & a gnáthmuintir uile acht Aedh Baillderg mac Foéláin mic Finn & na trí Coin a Moenmuigh & cúic cét laech aili a farrad in chethrair-sin, conid cúic cét déc uile ro búi Finn ann-sin. & ro lig Fer lí comairli in fill re hÉmer nGlúnglas mac Aedha mic Garaid mic Morna.
15] ‘Is comairli chubaid choimnert in comairle-sin,’ ar Émer, ‘úair is bidhba bunaid dúinn é Finn, úair do tuit Goll Mór mac Morna leis & clanna Morna uile & ar n-aithri & ar senaithri.’